BlueGlobe International
My status

Translation Services

Translation Services

Career With BlueGlobe

Banner
Banner
Banner

SAIC

"SAIC is a FORTUNE 500® scientific, engineering, and technology applications company that uses its deep domain knowledge to solve problems of vital importance to the nation and the world, in national security, energy and the environment, critical infrastructure, and health. BlueGlobe International LLC consistently provides language services on a global scale which meet the strict vendor standards required by SAIC."


Fulbright

"BlueGlobe cares .. our expectations were exceeded with accuracy and promptness. A long term relationship will benefit our firm and yours."


Crowell-moring

"Thanks again for extra-ordrinary services."


AAAS

"Friendly staff combined with unusual promptness and services will see our association always requesting BlueGlobe."

* For Translation - click flag

Seirbhísí Aistriúcháin Gaeilge

Gaelic (Irish)

BlueGlobe International – tá aistritheoirí Gaeilge againn

Ár n-aistritheoirí gairmiúla Gaeilge, soláthraíonn siad seirbhísí aistriúcháin ar aon le heolas foirfe ar an teanga fhoinseach, ar an sprioctheanga agus ar an ábhar. Agus na haistritheoirí oilte agus cleachta sa Ghaeilge ar conradh againn, in Blue Globe, is féidir linn tionscadal d’aon chineál agus d’aon mhéad a aistriú, lena n-áirítear: láithreáin ghréasáin, ríomhphost, litreacha, irisí, cáipéisí dlí, irisí leighis, lámhleabhair theicniúla, leabhair, biachláir, srl….fiú amháin tatú! Dá bharr sin, aistrímid réimse leathan tionscadal: dlíthiúil, airgeadais, míochaine, teicniúil, margaíocht, srl. Is féidir le Blue Globe a chinntiú do chustaiméirí gurb é aistritheoir le Gaeilge ó dhúchas amháin a aistreoidh an t-ábhar, rud a chabhríonn mí-aistriúcháin a sheacháint. Ní foláir don aistritheoir ceaptha chun an tionscadal a dhéanamh, taithí agus eolas sainiúil a bheith aige/aici ar réimse tionscadail an chliaint. Chomh maith le tuiscint ar an mbunábhar, beidh ‘cleasa teanga’ acu, riachtanacha chun aistriúchán foirfe a bhaint amach.

Contact UsAg lorg poist?

An gairmí éirimiúil tú a bhfuil scileanna aige/aici a bhaineann leis na seirbhísí teanga? Má tá na scileanna agus na tréithe seo agat, cuirimid fáilte romhat an fhoirm iarratais a forlíonadh ar líne! Tá sé saor in aisce, éasca, agus ní thógann sé ach 5-7 nóiméad chun é a dhéanamh.

Contact UsLéamh profaí gairmiúil!

An bhfuil tú cleachta mar léitheoir profaí agus an bhfuil taithí agat? An bhfuil tú oilte ar an réimse áirithe? Bí páirt d’fhoireann na gcainteoirí dúchais againne a bhaineann sult as a n-obair shuimiúil!

Contact UsSaineolas

Ní ghlactar ach leis an obair sármhaith amháin in BlueGlobe International. Is í ardcháilíocht an gnáthchaighdéan. Tagann ár gcliaint ar ais chugainn arís is arís mar gheall ar an réimse leathan saineolais.

 
Contact UsTeagmháil

Cuireann cuideachtaí ar fud an domhain muinín ionainn -
... déanfaidh tusa amhlaidh go luath

Guthán:
+1.541.330.0450
+55.21.2262.1793
+91.172.2561020
Fón poca:
+1.541.213.8526
+55.21.2262.1793
+91.981.4535577
Facs:
(Na Stáit Aontaithe - An Airgintín - An India):
+1.541.330.0451
+55.21.2262.1793
+91.172.2561020

www.blueglobetranslations.com

 

Seirbhísí Aistriúcháin ar fáil -
... sna céadta teanga

Araibis Eabhrais
Sínis Iodáilis
Ollainnis Seapáinis
Béarla Laidin
Fraincis Portaingéilis
Gearmáinis Rúisis
Gréigis Spáinnis
Gach uile teanga

Professional Translation Services Company

Request a Quote

Cén fáth BlueGlobe International?

De bharr go bhfuilimid an-bhródúil as ár n-obair agus go bhfuil cion againn ar na torthaí! Ós rud é gur ceannaírí margaidh idirnáisiúnta muid ó thaobh sheirbhísí teanga de (aistriúcháin, teangaireacht, cóipscríbhneoireacht, logánú, srl.), táimid ábalta seirbhísí a chur ar fáil ar fud an domhain do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí araon. D’fhonn aistriúcháin atá 100% cruinn a sheachadadh dár gcliaint, tá sraith seiceála na cáilíochta ag gach céim den aistriúchán. Tá do shuaimhneas intinne an-tábhachtach do BlueGlobe agus, go dearbh, gheobhaidh tú an cháilíocht a bhfuil tuilte agat agus a bhfuil tú ag súil le.

  • Na céadta príomhtheangacha domhanda
  • Na speisialtóireachtaí go léir
  • Na rátaí is iomaíche
  • Seirbhísí ar ardchaighdeán
  • Cúram Custaiméirí ar leibheál is airde
  • Cuideachta aistriúcháin leis an ráta fáis is airde ar an domhan
  • Na céadta soláthraithe seirbhísí teanga dearbhaithe
  • Coincheap foirne ó thús go deireadh
  • Ar fáil 24 uair, 7 lá in aghaidh na seachtaine

Ár gClár 10 gCéim um Dhearbhú Cáilíochta

Leis ár gclár céim-ar-chéim um dhearbhú cáilíochta cinntear ardchaighdeán maidir leis na tionscadail aistriúchán Gaeilge:

  1. Beidh anailís ar gach tionscadal aistriúcháin Gaeilge déanta ag an mbainisteoir tionscadail cumasach
  2. Beidh mionphlean aistriúcháin ceaptha ag an mbainisteoir tionscadail
  3. Tabharfar tionscadal aistriúcháin don aistritheoir gairmiúil
  4. Ceapfar bunachar téarmaíochta don tionscadal áirithe seo
  5. Ríomhchlárófar uirlis CAT do gach tionscadal
  6. Aistreofar an tionscadal go Gaeilge
  7. Bíonn seiceálacha maidir le Rialú Cáilíochta i gcónaí ann
  8. Cuirfear an t-aistriúchán i gcíbe formáid (DTP) a n-iarrfar orainn
  9. Déanfaidh cainteoir dúchais léamh profaí ar an aistriúchán iomlán don dara huair
  10. Déanfaidh an t-aistritheoir agus bainisteoir tionscadail athbhreithniú deiridh air – seachadadh don chliant

Leis ár líonra domhanda na n-aistritheoirí gairmiúla, oilte agus cáilithe, tá cumas ag Blue Globe aga slanúcháin sciobtha a chur ar fáil laistigh de sprioc-am an-docht fiú amháin leis an tionscadal is mó. Cibé riachtanais atá agat maidir le teanga fhoinseach nó sprioctheanga; Gaeilge go Béarla (SA), Béarla (SA) go Gaeilge, nó aon teaglaim teangacha eile (Fraincis-Danmhairgis, Seapáinis-Rúisis, srl.), deimhníonn Blue Globe International mionchruinneas agus cáilíocht dod’ thionscadal aistriúcháin.

Rátaí Aistriúcháin - Gaeilge

Braitheann praghas an tionscadail aistriúcháin ar roinnt tosca (sainiúlacht an téacs, sprioc-am, líon focal an tionscadail, formáid an cháipéis, srl.) Chun meastachán cruinn a fháil, cliceáil ar ‘Iarr meastachán’ agus forlíon an fhoirm iarratais. Ina dhiaidh sin, is féidir comhaid na gcáipéisí a sheoladh trí ríomhphoist, leis an eolas agus dociméadú riachtanach ceangailte chun meastachán cruinn a fháil gan costais bhreise tabhaithe.

Bíonn BlueGlobe International ar fáil an t-am ar fad chun seirbhís a sholáthar dár gcliaint, 24 uair, 7 lá in aghaidh na seachtaine! Déanfaidh ár bhfoireann chairdiúil a ndicheall chun cabhrú leat ar do thionscadal.

An tOibreoir Gutháin ar fáil i dteangacha:
Béarla
+1.541.330.0450 (USA)

Tá ár ndeasc chabhrach (seirbhís ríomhphoist 24/7) ar fáil i dteangacha:
Béarla - Rúisis - Spáinnis - Sínis - Fraincis - Seapáinis
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it

Príobháideacht & Seirbhís

Tá príobháideacht ár gcliaint rith-thábhachtach in BlueGlobe International. Bí cinnte go gcoinneofar na cáipéisí, tionscadail, ríomhphoist, litreacha, agus doiciméadú eile de réir ár dian-treoracha um príobháideacht. Tá sé mar chuspóir againn go mbeidh gach cliant sásta leis ár seirbhísí agus go mbeidh muinín aige iontu. Mura mhiste leat, tabhair cuairt ar ar ár láithreán gréasáin agus léigh ár bPolasaí Príobháideachta, le do thoil. An leathnach seo, tugann sé tuairisc do na cliaint maidir leis an gcineál eolais a bhailímis, conas a choinnítear iad agus maidir le na roghanna go léir atá ag an gcliant ar an gcaoi a n-úsáidtear an t-eolas. Cuirimid fonn ort ár bPolasaí Príobháideachta a íoslódáil ionas go mbeidh tuiscint iomlán agat ar ár dtiomantas i leith seirbhísí agus príobháideachta! Tríd ardleibhéal macántachta agus tiomantais i leith seirbhíse a choimeád, tá BlueGlobe bródúil as cruthú cliantachta a bhfuil muinín acu inár ngnólacht leis a dtionscadail agus leis a bhfaisnéis phearsanta. Ós rud é go dtagann na cliaint ar ais chugainn, is iad na daoine is luachmhara dúinn.

Arna aistriú ag Anna Paluch

 

feed-image Feed Entries

Get your FREE QUOTE now or call us directly at 1.541.330.0450 or 541.213.8526 (USA)


Warning: session_write_close() [function.session-write-close]: write failed: Disk quota exceeded (122) in /home/blueglob/public_html/libraries/joomla/session/session.php on line 556

Warning: session_write_close() [function.session-write-close]: Failed to write session data (files). Please verify that the current setting of session.save_path is correct (/tmp) in /home/blueglob/public_html/libraries/joomla/session/session.php on line 556